Cód Iompair an Chustaiméara

Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tiomanta don tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil duit ar bhealach éifeachtach agus measúil

Chun cabhrú linn chun ár dtiomantas a choinneáil, táimid ag súil:

  • Go gcaitheann tú le foireann ar bhealach cúirtéiseach, sibhialta agus cothrom nuair atá tú ag déileáil linn, cibé acu go pearsanta, ar an bhfón, i scríbhinn nó ar líne.
  • Ní ghlacfaimid le:
    • teanga gháirsiúil, bhagrach nó mhíchuí a úsáíd i leith na foirne agus/nó i leith an phobail
    • foréigean nó bagairt foréigean a úsáid i leith na foirne agus/nó i leith an phobail
  • Ní ghlacfar leis an iompar seo a leanas in aon cheann dár n-áiseanna:
    • Iompair a chuireann isteach ar úsáid agus taitneamh atá daoine eile ag baint as an áis
    • Damáiste mailíseach a dhéanamh do mhaoin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus/nó í a ghoid
    • Alcól agus drugaí aindleathacha a úsáid
    • Tobac nó galtóitín a chaitheamh, seachas i limistéir shainithe
    • Caitheamh bruscair
    • Grianghrafadóireacht agus scannánaíocht, gan cead
    • Maoin phearsanta á fhágáil gan choinne agus úsáid á baint as áiseanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Caithfear maoirseacht a dhéanamh ar leanaí i gcónaí agus iad ag baint úsáide as ár n-áiseanna