Aonad Monatóireachta ar Aercháilíocht & Rialaithe Torainn

Bailítear do chuid faisnéise ionas gur féidir linn:

  • Imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a rinne tú linn maidir le teagmha(i)s truaillithe aeir nó torainn.     
  • Imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a bhfuil tú cúisithe maidir le teagmha(i)s truaillithe aeir nó torainn. 
  • Measúnú a dhéanamh ar iarratais ar dheimhnithe comhlíontachta le haghaidh gníomhaíochtaí sceidealaithe. 
  • Margaíocht, díolachán agus dáileadh breoslaí soladacha sonraithe a rialáil

Déantar foráil dó seo faoin Acht um Thruailliú Aeir 1987 agus faoin Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 agus faoi rialacháin a dhéantar faoi. 

Féadfar faisnéis a roinnt le comhlachtaí forfheidhmithe dlí reachtúla eile, lena n-áirítear, An Garda Síochána, Na Coimisinéirí Ioncaim, agus An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. 

Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh 7 mbliana.