Bainistiú Dramhaíola Téagartha

Agus seirbhís bailithe dramhaíola téagartha tí cónaithe á hiarraidh ag an Rannóg Bainistithe Dramhaíola, iarrfar faisnéis phearsanta riachtanach ina mbeidh ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine agus an teaghlaigh atá ag iarraidh na seirbhíse seo. 

Foráiltear don bhunús dlí chun faisnéis den sórt sin a iarraidh go príomha faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (Leasaithe 2001).

Ní roinntear na sonraí pearsanta seo ach le Foireann ábhartha Bainistithe Dramhaíola agus Seirbhísí do Chustaiméirí na Comhairle Cathrach agus ní thugtar iad d'aon duine, comhlacht nó eagraíocht sheachtrach. 

Coinneofar do chuid faisnéise ar feadh uastréimhse 3 bliana chun cabhrú le pleanáil, anailís staitistiúil agus leithdháileadh acmhainní bainistithe dramhaíola agus ina dhiaidh sin bainfear na sonraí pearsanta go léir ó thaifid na Comhairle Cathrach.​