An tAonad Troscán Sráide

Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar sheirbhís a phróiseáil chun troscán sráide a cheadúnú i limistéar riaracháin Chathair Bhaile Átha Cliath. 

Déantar foráil maidir leis an mbunús dlí faoi:

  • Alt 13 d'Acht na mBóithre 1993
  • Ailt 101D den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1991, arna chur isteach le hAlt 9 den Acht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987 agus I.R. Uimh. 139/2015 – Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Oibreacha Bóthair a Chomhordú), 2015
  • Alt 254 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 
  • Airteagal 201 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001. 

De ghnáth, bíonn an fhaisnéis a bhailímid teoranta do shonraí teagmhála a chuirtear ar fáil maidir le hiarrataí a dhéantar ar bhearta cothabhála agus ceadúnaithe bóithre.

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:

  • Rannóga eile laistigh den Roinn Comhshaoil agus Iompair – a bhfuil a gcúnamh riachtanach chun obair a bhaineann le d'iarratas a phróiseáil;
  • Oifigí Ceantair Áitiúla Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - maidir le hiarrataí a bhaineann le cothabháil bóthair a dhéantar thar do cheann; 
  • Ranna eile - cuirtear gach ceist faoi chothabháil bóithre agus faoi cheadúnú ar aghaidh chuig an rannóg/roinn ábhartha nó chuig conraitheoirí atá ag obair ar ár son le haghaidh próiseála.

Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 20 bliain mar chuid den taifead ar bhearta bainistíochta bóithre a iarrtar ar fud limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.