Beartas & Luasteorainneacha Nuálaíochta
Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar thuairimí agus moltaí a dhéantar faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Alt 9) a phróiseáil. Tá an fhaisnéis a bhailímid teoranta go ginearálta do shonraí teagmhála a chuirtear ar fáil maidir le hiarrataí a dhéantar ar athruithe ar an luasteorainn de réir an údaráis a thugtar d'Údaráis Áitiúla faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004 (Alt 9).
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis go hinmheánach le:
- Rannóga eile laistigh den Roinn Comhshaoil agus Iompair - a bhfuil a gcúnamh riachtanach chun obair a bhaineann le d'iarratas a phróiseáil.
- Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - maidir le hiarrataí gaolmhara a cuireadh isteach tríd an Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí