An Rannóg um Rialú Oibreacha Bóthair
Bailítear do chuid faisnéise chun iarratas a phróiseáil chun scipe bruscair a chur ar bhóthar poiblí nó ar chosán.
Foráiltear don bhunús dlí faoi Alt 72 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1993 agus Fodhlíthe Scipe Bruscair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 1999. De ghnáth, bíonn an fhaisnéis a bhailímid teoranta do shuíomh an scipe bruscair atá beartaithe agus do shonraí teagmhála. Scriostar sonraí cárta creidmheasa, má chuirtear ar fáil iad, a luaithe a dheimhnítear an íocaíocht.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis (seachas sonraí cárta creidmheasa) le:
- Rannóga eile laistigh den Roinn Comhshaoil agus Iompair - a bhfuil a gcúnamh riachtanach chun obair a bhaineann le d'iarratas a phróiseáil.
- Ranna eile laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath – chun taifead a sholáthar ar úsáid bóithre agus cosáin
Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil ar feadh 2 bhliain ar a laghad mar chuid den taifead ar bhainistíocht tráchta i limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le: