An Rannóg um Dhearadh agus Tógáil Bóithre

Bailítear do chuid faisnéise ionas gur féidir leis an Rannóg um Dhearadh agus Tógáil Bóithre athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid tuairimí/barúlacha. 

Déantar foráil don bhunús dlí faoi Alt 13 d'Acht na mBóithre 1993. De ghnáth bíonn an fhaisnéis a bhailíonn an Rannán um Dhearadh agus Tógáil Bóithre teoranta do shonraí a chuireann an pobal isteach a eascraíonn as dearadh nó tógáil tionscadal bóithre agus droichid. 

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:

  • Rannóga eile laistigh de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - a bhfuil gá le cúnamh uathu chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a ardaíonn do chuid tuairimí/barúlacha.
  • Comhairleoirí Innealtóireachta agus Conraitheoirí fostaithe ag an Roinn Comhshaoil agus Iompair.

Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 7 mbliana mar chuid den taifead ar bhearta bainistíochta tráchta a iarrtar ar fud limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.