Forfheidhmiú Dramhaíola
Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar ghearáin a dhéantar faoi sháruithe ar an Acht um Bainistiú Dramhaíola a phróiseáil.
Foráiltear don bhunús dlí faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996. Tá an fhaisnéis a bhailímid teoranta go ginearálta do shonraí teagmhála a chuirtear ar fáil maidir le hiarratais a dhéantar ar ghearáin a bhaineann le sáruithe faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis go hinmheánach le:
- Rannóga eile laistigh den Roinn Comhshaoil agus Iompair - a bhfuil a gcúnamh riachtanach chun obair a bhaineann le d'iarratas a phróiseáil.
- Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - maidir le hiarrataí gaolmhara a cuireadh isteach tríd an Roinn Seirbhísí do Chustaiméirí
- Ranna eile- ar nós Sláinte Comhshaoil - An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - Leas Tithe
Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 7 mbliana mar chuid den taifead ar bhearta forfheidhmithe dramhaíola a iarrtar ar fud limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.