Taibheoirí Sráide
Bailítear do chuid faisnéise d'aon toisc chun iarratas ar Chead do Thaibheoirí Sráide a phróiseáil i limistéar riaracháin Chathair Bhaile Átha Cliath.
Déantar foráil don bhunús dlí san Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus sna Fodhlíthe um Thaibheoirí Sráide 2016. Tá an t-eolas a bhailímid teoranta d'ainm, do shonraí teagmhála, do chruthúnas ar sheoladh agus do ghrianghraf ID.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:
- An Garda Síochána.
Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 2 bhliain.