Beartas Páirceála agus Forfheidhmiú

Agus iarratas á dhéanamh agat ar Chead Páirceála, bailíonn an t-Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí do chuid faisnéise thar ceann na Rannóige Beartais Pháirceála & Forfheidhmithe chun ceadanna páirceála a phróiseáil. 

Déantar foráil don bhunús dlí faoi Fhodhlíthe Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um Rialú Páirceála 2014. Tá an fhaisnéis a bhailímid teoranta do na sonraí a theastaíonn chun iarratais a phróiseáil de réir na bhFodhlíthe um Rialú Páirceála maidir le ceadanna páirceála do chónaitheoirí.

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:

  • Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 
  • Conraitheoir Forfheidhmithe Páirceála Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (Seirbhísí Páirceála Shráid Bhaile Átha Cliath faoi láthair)
  • An Rannóg um Beartas Páirceála agus Forfheidhmiú 
  • Bainistíocht agus Foireann Ghairmiúil Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • An Garda Síochána

Coinneofar an fhaisnéis go léir a bhailíonn an Rannóg um Beartas Páirceála agus Forfheidhmiú go díreach ina bhfuil faisnéis phearsanta a bhaineann le beartas páirceála agus le cúrsaí forfheidhmithe chun críocha athbhreithnithe inmheánaigh ar feadh tréimhsí idir 1 agus 2 bhliain. 

Coinneofar aon sonraí pearsanta a bhaineann le híocaíochtaí nó aisíocaíochtaí airgeadais ar feadh 6 bliana chun ceanglas Iniúchta na Roinne Airgeadais a chomhlíonadh. 

Coinnítear aon fhaisnéis a bhailítear mar fhreagra ar cheisteanna ón nGarda Síochána ​ar feadh tréimhse 2 bhliain.​