Grúpa Comhairleach Tráchta (TAG)
Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar bhearta bainistíochta tráchta a phróiseáil.
Déantar foráil don bhunús dlí faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus Alt 78 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010. Tá an fhaisnéis a bhailímid teoranta go ginearálta do shonraí teagmhála a chuirtear ar fáil maidir le hiarrataí a dhéantar ar bhearta bainistíochta tráchta, comharthaí bóthair agus marcálacha bóthair.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:
- Rannóga eile laistigh den Roinn Comhshaoil agus Iompair - a bhfuil a gcúnamh riachtanach chun obair a bhaineann le d'iarratas a phróiseáil.
- Oifigí Ceantair Áitiúla Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath - maidir le hiarratais a bhaineann le trácht a dhéantar thar do cheann.
- Ranna eile - cuirtear gach ceist nach ceist TAG í ar aghaidh chuig an rannóg/roinn ábhartha lena próiseáil.
Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 7 mbliana mar chuid den taifead ar bhearta bainistíochta tráchta a iarrtar ar fud limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.