An Rannóg um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Tionscadail
An Rannóg um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Tionscadail
Cuireann Rannóg um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Tionscadail Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun cinn chun siúl agus rothaíocht i mBaile Átha Cliath a dhéanamh sábháilte, éasca agus spraíúil trí bhonneagar siúlóide agus rothaíochta nua agus uasghrádaithe a sholáthar. Chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhairliúchán poiblí reachtúil agus neamhreachtúil maidir le tionscadail nua a chur chun cinn (mar shampla comhairliúchán roimh Roghanna Bealaigh agus Toilithe Pleanála), baileoimid sonraí teagmhála faoi dhaoine agus eagraíochtaí. Féadfaimid do chuid sonraí teagmhála a choinneáil freisin má tá tionchar díreach ag scéim bheartaithe coisithe nó rothaíochta ort agus mar shampla féadfaimid rochtain ar do mhaoin a iarraidh chun suirbhé topagrafach nó struchtúrach a dhéanamh.
Is iad na cineálacha sonraí pearsanta a d'fhéadfaí a iarraidh ort a sholáthar ná do shonraí teagmhála chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh. Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a sholáthar ach má sholáthraíonn tú níos mó, mar shampla ríomhphost, fón, seoladh, bíonn sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:
- Comhairleoir Tionscadail atá ag obair go díreach thar ceann DCC i seachadadh tionscadal coisithe agus rothaíochta.
- Oifig luachála DCC agus ranna dlí (má tá gá le haistriú nó ceannach talún i gcomhar lenár dtionscadail).
- Ár ngníomhaireacht mhaoinithe (i bhformhór na gcásanna is é seo an tÚdarás Náisiúnta Iompair).
Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh tréimhse 1 bliain tar éis chríochnú thógáil an tionscadail. Beidh an tréimhse ama do chríochnú na tógála éagsúil ó thionscadal go tionscadal ag brath ar a chastacht, ar infhaighteacht maoinithe srl.