Tionscadail Iompair Lár na Cathrach

Tá sé mar aidhm ag rannóg Tionscadail Iompair Lár Chathair ​ Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na tionscadail iompair a shonraítear i Staidéar Iompair Lár Chathair Bhaile Átha Cliath 2016 a sheachadadh.​  Chun ár n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhairliúchán poiblí reachtúil agus neamhreachtúil maidir le tionscadail nua a chur chun cinn, baileoimid sonraí teagmhála maidir le daoine agus eagraíochtaí. Féadfaimid sonraí teagmhála a choinneáil freisin dóibh siúd a bhfuil tionchar díreach ag scéim bheartaithe orthu agus mar shampla más féidir linn rochtain ar mhaoin a iarraidh chun suirbhé topagrafach nó struchtúrach a dhéanamh. 

Is iad na cineálacha sonraí pearsanta a d'fhéadfaí a iarraidh ort a sholáthar ná do shonraí teagmhála chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh.  Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a sholáthar ach má sholáthraíonn tú níos mó, mar shampla ríomhphost, fón, seoladh, bíonn sé níos éasca cumarsáid a dhéanamh. 

Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:

  • Comhairleoir Tionscadail atá ag obair go díreach thar ceann DCC i seachadadh tionscadal iompair a shonraítear i Staidéar Iompair Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
  • Oifig luachála DCC agus ranna dlí (má tá gá le haistriú nó ceannach talún i gcomhar lenár dtionscadail).
  • Ár ngníomhaireacht mhaoinithe (i bhformhór na gcásanna is é seo an tÚdarás Náisiúnta Iompair).

Coinnítear do chuid faisnéise ar feadh tréimhse 1 bliain tar éis chríochnú thógáil an tionscadail.  Beidh an tréimhse ama do chríochnú na tógála éagsúil ó thionscadal go tionscadal ag brath ar a chastacht, ar infhaighteacht maoinithe srl.