Comórtas Mórtas Ceantair IPB
Reáchtáiltear an Comórtas Mórtas Ceantair IPB i gcomhar le Co-Operation Ireland agus leis na hÚdaráis Áitiúla. Ní dhéanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ach do shonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a choinneáil chun na críocha atá leagtha amach thíos.
- Chun d'iarratas ar Chomórtas Mórtas Ceantair IPB a phróiseáil
- Chun d'iarratas a chur ar aghaidh chuig Mórtas Ceantair IPB, Co-Operation Ireland
- Chun fógra a thabhairt duit maidir le dátaí don bhreithniú
- Chun fógra a thabhairt duit maidir leis an searmanas bronnta
Ní roinntear do chuid sonraí pearsanta/príobháideacha le tríú páirtithe ar bith.
Coinnítear do chuid sonraí pearsanta/príobháideacha ar feadh bliana ar a laghad. Le haghaidh tuilleadh faisnéise: