An Oifig um Bainistiú Bruscair

Bailítear do chuid faisnéise ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Fógra um Pionós Socraithe (Fíneáil Bhruscair)
  • Fógraí Íocaíochta Seasta (Fíneálacha Fodhlí)

Teastaíonn do chuid faisnéise/sonraí pearsanta chun airgead atá dlite i leith fíneálacha a eisíodh a bhailiú agus chun go ndéanfaidh an tOifigeach Achomhairc Bruscair cinneadh eolasach ar achomhairc a fuarthas le haghaidh fógraí um pionós socraithe agus fógraí íocaíochta seasta. 

Foráiltear don bhunús dlí faoin reachtaíocht seo a leanas: 

  • Na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar 1997 – 2009 
  • Fodhlíthe chun Dramhaíl Teaghlaigh agus Tráchtála a Stóráil, a Thíolacadh agus a Bhailiú 2013 faoi Alt 206 de na hAchtanna Rialtais Áitiúil 2001
  • Fodhlíthe chun Bruscar a Chosc agus a Rialú faoi Alt 206 de na hAchtanna Rialtais Áitiúil 2001
  • Seirbhís Chúirteanna na hÉireann – maidir le héisteachtaí cúirte le haghaidh imeachtaí dlí a thionscnaítear i leith fíneálacha neamhíoctha
  • Aturnaetha – iarratais dlíthiúla maidir le sonraí fógraí um pionós socraithe a eisíodh
  • Cuideachta Bailithe Dramhaíola Údaraithe Ábhartha – chun na sonraí cuntais a cuireadh ar fáil a fhíorú
  • Is féidir go roinnfear an fhaisnéis/na sonraí pearsanta le:

Coinnítear do chuid faisnéise/sonraí pearsanta ar feadh bliana ar a laghad agus suas le 3 bliana sa chás go bhfuarthas ciontú rathúil.