Foirm Iarratais ar Sheirbhís Tráchta

Bailítear do chuid faisnéise chun iarratais ar sheirbhís a bhaineann le hIompar a phróiseáil. 

Déantar foráil don bhunús dlí faoi Alt 38 den ​Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 agus Alt 78 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010.​ Tá an fhaisnéis a bhailímid teoranta do shonraí teagmhála a chuirtear ar fáil maidir le hiarrataí a dhéantar ar bhearta bainistíochta iompair, ar chomharthaí bóthair agus ar mharcanna bóthair.

Féadfar an fhaisnéis a roinnt le Ranna agus Rannóga ábhartha eile de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun do cheist a phróiseáil.

​Coinneofar an fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú slán agus coinnítear í ar feadh tréimhse éiginnte faoi láthair.​