Corrthrádáil
Bailítear do chuid faisnéise d'aon toisc chun iarratas ar Cheadúnas Corrthrádála a phróiseáil i limistéar riaracháin Chathair Bhaile Átha Cliath.
Foráiltear don bhunús dlí san Acht Corr-Thrádála 1995 agus sna Fodhlíthe Corr-Thrádála 2013. Tá an t-eolas a bhailímid teoranta d'ainm, do shonraí teagmhála, do ghrianghraf ID, do shonraí árachais agus d'imréiteach cánach.
Is féidir go roinnfear an fhaisnéis le:
- An Garda Síochána.
- Na Coimisinéirí Ioncaim.
- An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
- Sábháilteacht Táirge.
Féadfar do chuid faisnéise a choinneáil go leictreonach ar feadh suas le 7 mbliana.