Dramhaíl go Fuinneamh BÁC – an Coiste Idirchaidrimh um Shochar Pobail

Próiseáiltear do shonraí pearsanta chun riarachán Scéim Deontais Sochair Pobail DWtE a éascú. Mura gcuireann tú na sonraí pearsanta ar fáil dúinn, ní bheimid in ann d'iarratas ar mhaoiniú deontais a phróiseáil ná freagra a thabhairt ar aon cheisteanna nó iarratais a chuireann tú isteach chugainn trínár seoladh ríomhphoist. 

​Déantar foráil don bhunús dlí chun do chuid faisnéise a phróiseáil faoi​ Alt 65 den Acht Rialtais Áitiúil 2001.

​Ní stórálaimid sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá don aidhm/do na haidhmeanna
dá bhfuarthas iad. I measc na gcritéar a úsáidtear chun ár dtréimhsí coinneála a chinneadh tá:​

  • An tréimhse ama atá caidreamh leanúnach againn.
  • Ár n-oibleagáidí dlíthiúla, airgeadais agus rialála.
  • An Beartas Náisiúnta Coinneála do Thaifid Údaráis Áitiúla.